Bhí dosaen tithe sa cheantar seo agus ba as Co. Chill Mhantáin a tháinig siad ar dtús agus shocair siad i nGleann Cholm Cille agus Broclais, rl. Ba as an iascaireacht a shaothraigh said a mbeatha. As Albain a tháinig siad ó dhúchas, as ceantar ar a dtugtar Ceann Loch Líobhann (Kinlochleven) air. Ba Burns an sloinneadh a bhí orthu sa 16ú aois ach seal caite in Éirinn agus thug siad Byrne orthu féin.